An bhfuil Comhairleoir Gaeilge de dhíth ort I gcóir léiriúcháin teilifiíse nó scannáin? Tá Gaeilge líofa agus cruinn agam, agus tá taithí chuimsitheach agam ar an earnáil craolacháin agus scannánaíochta. Is aoibheann liom cabhrú le h-aisteoirí a gcuid línte Gaeilge a rá go cruinn, snasta, agus sin cuid den obair a rinne mé ar an scannán ‘Homofónia’ (2023).
Bhíos mar mhaoirseoir scripte chomh maith, ag coimeád súil ghéar ar leanúnachas agus ag éisteacht go cúramach le gach focal idir Bhéarla agus Gaeilge. Is féidir liom an cóitseáil sin a bheith déanta roimh ré, ionas nach gcuirfear aon am amú ar an seit. Chomh maith leis sin, is féidir liom tacú le scriptscríbhneoireacht trí Ghaeilge, nó le h-aistriúcháin scripteanna. Ba bhreá liom có-oibriú leat.
Cuir shout orm.